1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán.
2. Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;gabhaimid buíochas leat; agraímid d'ainmagus déanaimid d'éachtaí a fhógairt.
3. “An uair a shocróidh mé féintabharfaidh mé breith de réir an chirt.
4. Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil annis mé a dhaingnigh a cholúin.
5. Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,
6. ná déanaigí gaisce as bhur neart,ná labhraigí go dolba dána.”
7. Óir ní ón aird anoir ná aniar,ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;
8. is é Dia féin an breitheamh;umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.
9. Tá cupán d'fhíon dearg ag an Tiarna;spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil.Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh;diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é.
10. Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo;canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10 Brisfidh mé cumhacht lucht an oilcagus ardófar na fíréin i gcumhacht.