1. Amhrán Oilithreach. 1 Tógaim mo shúile chun na sléibhte.Cad as do mo chúnamh?
2. Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh,a rinne neamh agus talamh.
3. Nár lige sé duit tuisliú go deo;nár dhéana do gharda codladh.
4. Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suanar gharda Iosrael.
5. Is é an Tiarna do gharda is do dhídean,agus é ar do dheis.
6. Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae,ná an ré istoíche.
7. Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú;coimeádfaidh sé d'anam.
8. Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit,anois agus choíche.