1. Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu,is cosúil le Sliabh Shíón iad -sliabh nach féidir a bhogadh,ach a sheasfaidh go brách.
2. Ar nós na gcnoc is na sléibhtethart timpeall Iarúsailéim,bíonn an Tiarna thart ar a phobal,anois agus choíche.
3. Óir ní fhanfaidh ríshlat na n‑éagráifeachar fhearann na bhfíréan,sula ndéanfadh na fíréin a lámhaa iompú chun oilc.
4. Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta,agus do lucht an chroí dhírigh.
5. Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíolais ar lucht déanta an oilc.Síocháin go raibh ar Iosrael.