1. Salm buíochais. 1 Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;
2. fónaigí don Tiarna go lúcháireach.Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.
3. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
4. Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí.Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.
5. Nach maith é go deimhin an Tiarna;maireann a bhuanghrá go brách.Is dílis é ó ghlúin go chéile.