1. Alleluia.Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;agus go maireann a bhuanghrá go brách.
2. Bíodh teaghlach Iosrael á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”
3. Bíodh teaghlach Árón á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”
4. Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna:“Maireann a bhuanghrá go brách.”
5. Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás;d'fhreagair sé agus shaor sé mé.
6. Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom.Cad a dhéanfaidh an duine dom?
7. Tá an Tiarna i m'fhochair ag cuidiú liom;beidh mo naimhde romham faoi tháir.
8. Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín an duine.
9. Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín na bhflatha.
10. Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé;threascair mé in ainm an Tiarna iad.
11. Chruinnigh siad thart i mo thimpeall;threascair mé in ainm an Tiarna iad.
12. Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha,ina mbladhaire amhail tine i measc driseog;threascair mé in ainm an Tiarna iad.
13. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn;ach chuidigh an Tiarna liom.
14. Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach;is é a thug slán mé.
15. Cluintear gártha lúcháire is caithréimei mbothanna na bhfíréan.“D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;
16. is i a dheaslámh a d'ardaigh mé.D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.”
17. Ní éagfaidh mé, mairfidh mé;agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
18. Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé,níor dhaor sé chun báis mé.
19. Osclaígí dom doirse na fíréantachta;rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.
20. Seo agaibh doras an Tiarnatrína rachaidh na fíréin isteach.
21. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;agus gur tú mo shlánaitheoir.
22. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinne ceann an chúinne di.
23. Is é an Tiarna a rinne an ní seo,agus is éachtach linn é.
24. Is é seo an lá a rinne an Tiarna;bíodh áthas is gliondar orainn.
25. Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;a Thiarna, go n‑éirí linn!
26. Is beannaithe in ainm an Tiarnaan té atá le teacht.Beannaímid sibh as teach an Tiarna.
27. Sé an Tiarna Dia ár solas.Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhachago beanna na haltóra.
28. Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;móraim thú, a Dhia.
29. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;maireann a bhuanghrá go brách.