1. Salm [le] Dáiví. 1 Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantachtduitse, a Thiarna.
2. Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail;cathain a thiocfaidh tú?Siúlfaidh mé le croí gan cháimi lár mo thí.
3. Ní chuirfidh mé os comhair mo shúlaon ní suarach.Is gráin liom slí na n‑urchóideach;ní bheidh páirt agam leo.
4. Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim;ní aithneoidh mé an t‑olc.
5. Fear clúmhillte a chomharsan os íseal,millfidh mé an té sin.Fear na mórchúise agus na mórála,ní fhéadaim cur suas leis.
6. Beidh súil agam le fíréin na tírea bheith in aontíos liom.An té a shiúlann sa tslí gan máchail,is é a dhéanfaidh fónamh dom.
7. Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíchecónaí i mo theachsa.Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagairefanacht in éineacht liom.
8. Scriosfaidh mé maidin ar mhaidinpeacaigh na tíre;agus dítheoidh mé as cathair an Tiarnalucht déanta an oilc.