1. Tá mo chroí go daingean, a Dhia;tá mo chroí go daingean;canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
2. Múscail, a anam liom!Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit;músclóidh mé féin an maidneachan.
3. Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna;molfaidh mé thú i measc na náisiún.
4. Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas,agus do dhílse chun na spéartha.
5. Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia;bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile.
6. Ionas go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh,fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
7. Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:“Roinnfidh mé Seicim go ríméadachagus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.
8. Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;is é Eafráim clogad mo chinn.Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;
9. Is é Móáb mo bháisín níocháin.Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg;agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”
10. Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?
11. Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia;ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?
12. Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde,óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.
13. Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia,óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.