1. Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.
2. Glaoim os ard ar an Tiarna;achainím os ard ar an Tiarna.
3. Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise;agus nochtaim m'anacra ina láthair.
4. Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam,b'eol duit féin mo shlí.Sa tslí ina bhfuil mo shiúlcuireadh gaiste i bhfolach romham.
5. Breathnaím ar mo dheis agus feicimnach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom.Níl bealach éalaithe agam;ní chuireann aon neach spéis i m'anam.
6. Is ort a ghlaoim, a Thiarna;deirim: “Is tú mo dhídean;a bhfuil agam i dtír na mbeo.”
7. Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao;óir tá mé i gcorrach na haimiléise.Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna,óir is treise iad siúd ná mé.
8. Seol mé amach as an gcarcair seochun go dtabharfaidh mé buíochas do d'ainm.Tionólfaidh na fíréin i mo thimpealltoisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.