1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví.Leis an Tiarna a fuair mé dídean;cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam:“Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”
2. Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha;táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang,á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.
3. Ón uair a scriostar na fothaícad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.
4. Tá an Tiarna ina theampall naofa,ar neamh atá a chathaoir ríoga.Breathnaíonn a shúile [na hísle];tástálann siad clann na ndaoine.
5. Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan,is fuath leis fear an fhoréigin.
6. Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh:gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht:agus feicfidh na fíréin a aghaidh.