1. Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael Alleluia. 1 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2. Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt?cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?
3. Is méanar don dream a choinníonn an ceart,agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.
4. Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom,as ucht do ghrá do do phobal.Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
5. go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.
6. Pheacaíomar ar nós ar sinsir;rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.
7. Níor thug ár n‑aithreacha san Éigiptaon aird ar bith ar d'éachtaí.Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8. Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,d'fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9. Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10. Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11. D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12. Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13. Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14. Ligeadar srian lena mianta san fhásach;chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15. Lig sé a n‑achainí leo;ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.
16. Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.
17. D'oscail an talamh agus shlog sé Dátán,agus d'fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.
18. Fadaíodh tine i measc a mbuíne;agus loisc na lasracha na meirligh.
19. Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb;rinne siad íol d'ór leáite a adhradh.
20. Rinne siad Dia na glóire a mhalartúar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.
21. Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad,agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,
22. a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23. Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,murach Maois, an té a roghnaigh séa dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearga mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24. Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.
25. Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna,agus ní éistfidís le glór an Tiarna.
26. D'ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibhgo leagfadh sé ar lár iad san fhásach,
27. go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiúna scaoileadh ar fud na cruinne.
28. D'umhlaigh siad ansin do Bhál Peór,agus d'ith siad íobairtí na marbh.
29. Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha,agus buaileadh iad ansin leis an bplá.
30. D'éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas,gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31. Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharrgo dtí an uile ghlúin go brách na breithe.
32. Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33. Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34. Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothúde réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.
35. Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36. Thug siad fónamh d'íola na náisiún,gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37. Óir d'íobair siad a macra féin,agus a n‑iníonacha féin do na deamhain.
38. Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,fuil a mac is a n‑iníonacha,a d'íobair siad do íola Chanángur truaillíodh an tír le fuil.
39. Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin;agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40. Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41. Thug sé faoi smacht na náisiún iad,agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42. Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43. Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.
44. Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,nuair a chuala sé a nglao.
45. Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh.Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,
46. agus fuair sé trócaire dóibhó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.
47. Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia;bailigh le chéile sinn as measc na náisiúngo dtugaimis buíochas do d'ainm naofa,is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.
48. Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,ó aois go haois go brách.Agus go gcana na daoine go léir:Amen! Amen! Alleluia!