1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán.
2. Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn;taispeáin dúinn solas do ghnúise.
3. Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamhagus do shlánú i measc na náisiún go léir.
4. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.
5. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeastoisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
6. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.
7. Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach;agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
8. Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinnagus gurab eagal le críocha na cruinne é!