1. [Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,agus d'fhíréantacht ar mhac an rí;
2. chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobalagus cothrom do dhaoine bochta.
3. Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobalagus na cnoic fíréantacht.
4. Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;go saora sé clann na mbocht,agus go mbrú sé lucht daorsmachta.
5. Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;ó aois go haois;
6. mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;mar cheathanna ar an talamh.
7. Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linnnó go meathfaidh an ghealach.
8. Go raibh a réim ó mhuir go muir;ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.
9. Titfidh a naimhde ina láthair;lífidh siad an luaithreach.
10. Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,ag triall air le tabhartais.Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seababronntanais chuige.
11. Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;déanfaidh gach cine fónamh dó.
12. Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;agus an donán gan chúnamh.
13. Beidh trua aige don lag is don bhocht,agus sábhálfaidh an duine dealbh.
14. Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean;óir is luachmhar leis a bhfuil.
15. Go maire sé i bhfadis go mbronntar air ór na hAráibe.Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;á bheannachadh ar feadh an lae.
16. Go raibh flúirse arbhair sa tírgo mullach na sléibhte.Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáinagus lucht na gcathracha faoi bhláthmar fhéar ar an talamh.
17. Go moltar a ainm go brách,fad a bheidh an ghrian ann.Is tríd a bheannófar gach treibh;beidh gach cine á mholadh.
18. Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,an tAon amháin a dhéanann éachtaí.
19. Go moltar a ainm glórmhar go brách;go líona a ghlóir an talamh.Amen! Amen!
20. Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.