1. Alleluia.Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí,i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.
2. Is éachtach iad oibreacha an Tiarna,inscrúdaithe do chách a charann iad.
3. Is oirirc ollásach iad a oibreacha,agus maireann a fhíréantacht go brách.
4. Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí;is trócaireach grámhar é an Tiarna.
5. Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla;cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.
6. D'fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal,nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.
7. Is dílis agus is cóir iad a oibreacha;is daingean iad a aitheanta go léir.
8. Maireann siad go buan agus go brách;rinneadh iad le fíréantacht is le fírinne.
9. Rinne sé a phobal a fhuascailt,agus bhunaigh sé a chonradh go brách.Is naofa a ainm agus is creathnach.
10. Is é tús na heagna eagla Dé -is ciallmhar iad lucht a adhartha;mairfidh a mholadh go brách.