1. Mascil Ethan an dúchasach.
2. Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna;fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
3. Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách,agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
4. “Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé;dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
5. ‘Socróidh mé do shliocht go brách,agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.’ ”
6. Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna;tá d'fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
7. Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta,cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
8. Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh;is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
9. A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat?Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.
10. Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige;is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.
11. Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de;agus scaip tú d'eascairde le do chuisle chumhachtach.
12. Is leat na flaithis, is leat an talamh;is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.
13. Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart;molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.
14. Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna,is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
15. Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir;gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.
16. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais;siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.
17. Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae;agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.
18. Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta;agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.
19. Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint;agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.
20. Labhair tú tráth i bhfísá rá le do chairde naofa“Thug mé cabhair do ghaiscíoch;d'ardaigh mé fear tofa den phobal.
21. Fuair mé Dáiví, mo ghiolla;rinne mé a ungadh le m'ola naofa
22. d'fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor;agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.
23. Ní mheallfaidh an namhaid go brách é,ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,
24. ach treascróidh mé a naimhde ina láthair;agus buailfidh mé lucht a fhuatha.
25. Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair;agus is i m'ainmse a ardófar a neart.
26. Leathfaidh mé a lámh os cionn na maraagus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.
27. Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m'athair;is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
28. Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é;an té is airde i measc ríthe na cruinne.
29. Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó;agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.
30. Socróidh mé a shliocht go síoraíagus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas.
31. Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí,mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,
32. más amhlaidh a sháraíonn siad m'fhorálacha,nó más amhlaidh a bhriseann siad m'aitheanta,
33. agróidh mé a gcion orthu leis an tslat;agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,
34. ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo;ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.
35. Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal;ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.
36. Aon uair amháin a mhionnaigh mé;dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.
37. Mairfidh a shliocht go brách;beidh a chathaoir mar an ngrian i m'fhianaise;
38. mairfidh sí go buan mar an ngealach,ina finné fíordhílis ar neamh.” Selah
39. Ach theilg tú uait le déistinis le corp feirge an té a d'ung tú féin.
40. Bhris tú do chonradh le do ghiolla;agus thruailligh tú a choróin sa deannach.
41. Leag tú a mhúrtha go léir;agus d'fhág tú a dhún ina fhothrach.
42. Creachann a ngabhann an tslí éionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.
43. D'ardaigh tú deaslámh a naimhde;chuir tú áthas ar a eascairde go léir.
44. Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh;is níor thug tú an bua dó sa chath.
45. Chuir tú cosc lena ghlóir-réim;leag tú a ríchathaoir ar lár.
46. Ghiorraigh tú laethanta a óige;agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.
47. Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é?Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?
48. Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol;an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?
49. Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás,nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?
50. Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarnaa mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?
51. Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh;agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha -
52. na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna,lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh. 52 Moladh go deo leis an Tiarna;Amen agus Amen!