1. [Salm le] Dáiví. 1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.
2. Gabh chugat do sciath agus do lúireach,agus éirigh do mo chúnamh.
3. Beartaigh an ga agus [an tsleá]in aghaidh lucht mo thóraíochta.Abair le m'anam, a Thiarna:“Is mise do shlánú.”
4. Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dreamatá ar tí mo mharaithe.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirelucht beartaithe oilc i m'aghaidh.
5. Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthuamhail cáith roimh an ngaoth;
6. go raibh a slí go sleamhain dúdhorchaagus aingeal Dé ar a dtí.
7. Leathadar a líon dom gan chúis:rinneadar uaigh dom gan ábhar.
8. Go dtaga orthu díothú gan choinne;go gceaptar iad féinsa líon a chuir siad i bhfolach romham.Go dtite siad sa chlais.
9. Déanfaidh m'anamsa lúcháir sa Tiarna:déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.
10. Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:“Cé is cosúil leat, a Thiarna,an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,an duine dealbh ón tíoránach?”
11. Éiríonn finnéithe bréige i m'éadando mo cheistiú ach mé aineolach.
12. Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom:tá m'anam go brónach.
13. Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;chiapas m'anam le troscadh.Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn
14. ar dheartháir liom nó cara;mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,bhí mé crom le cumha.
15. Ach anois, ó tá mé san fhaopachcruinníonn siad faoi áthas.Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh,‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.
16. Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,is a bhfiacla ag díoscán i m'aghaidh.
17. Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?Tar agus fóir orm!Déan m'anam a fhuascailt óna n‑ionsaithe;m'anam ó na leoin.
18. Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;molfaidh mé thú sa slua.
19. An dream atá ina naimhde gan chúis dom,nár dhéana siad gairdeas umam.Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,nár chaocha siad a súile orm.
20. Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:cumann siad cealg ina n‑aghaidh.
21. Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:“Há, há! Nach bhfacamar féin é!”
22. Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!
23. Múscail! agus brostaigh chun mo chosantaa Dhia liom; a Thiarna bí liom.
24. Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;ná maídís a mbua orm, a Dhia.
25. Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”
26. An dream lenarb áil mo dhochar,go raibh náire is míchlú orthu!Go gclúdaítear le heasonóir is le haithislucht maíte i m'éadan.
27. Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,agus abraidís gan sos:“Moladh leis an Tiarna lenarb áilsonas a sheirbhísigh!”
28. Agus foilseoidh mo theanga d'fhíréantachtagus do mholadh ar feadh an lae.