1. Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh;agus d'éist sé liom.
2. A Thiarna, saor m'anam ar an mbéal urchóideach,agus ar an teanga chealgach.
3. Cad a imreoidh sé ort d'fhonn an comhar a íoc leat,a theanga chealgach?
4. Saigheada géara an churaidh chalma,agus sméaróidí dearga.
5. Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach;i bpubaill Chéadar.
6. Is fada atá m'anam ag lonnú leis an dreamar fuath leo an tsíocháin.
7. Nuair a labhraim ar son na síochána,tugann siad fúm gan fáth.