1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.
2. Éist linn, a aoire Iosrael,a sheolann Iósaef mar thréad.I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh
3. ar Eafráim agus Biniáimin agus Manaise.Corraigh do chumhacht, a Thiarna;a Thiarna, tar chugainn dár sábháil.
4. Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.
5. A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile,ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?
6. Bheathaigh tú iad le harán na ndeor;agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.
7. Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana;agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.
8. Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.
9. Thug tú fíniúin amach as an Éigipt;dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í.
10. Rinne tú an ithir a réiteach di;chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír.
11. Folaíodh na sléibhte faoina scáth;agus céadrais Dé faoina géaga.
12. Shín sí a craobhacha chun na mara;agus leath sí a bachlóga chun na habhann.
13. Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh;go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í?
14. Creachann torc fiáin na coille íagus alpann ainmhithe allta an mhachaire í.
15. Cas ar ais, a Dhia na slua,breathnaigh anuas ó neamh, agus féach,
16. tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í,óir phlandaigh do dheaslámh féin í.
17. An dream a thug tine di agus a ghearr anuas ígo scriosa bagairt do ghnúise iad.
18. Go raibh do lámh ar fhear do dheasláimhe,ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
19. Feasta, ní thréigfimid go brách thú;athbheoigh sinn agus glaofaimid ar d'ainm.
20. Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar dár saoradh.