1. Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí;agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.
2. Molfaidh mé thú in aghaidh an lae;agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.
3. Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é;ní féidir a mhórgacht a mhionransú.
4. Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúinagus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.
5. Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta;agus inseofar d'éachtaí iontacha.
6. Labhrófar faoi do bhearta uafásacha;beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.
7. Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa;agus déanfar d'fhíréantacht a chanadh go háthasach.
8. Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach,mall chun feirge, agus lán de thrua.
9. Is grámhar an Tiarna le gach aon neach;tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.
10. Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna;agus beannóidh do dhaoine dílse thú.
11. Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;agus foilseoidh siad uile do chumhacht,
12. ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoineagus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.
13. Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,agus do cheannas go brách na breithe.Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.
14. Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.
15. Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa;agus tugann tú bia dóibh in am trátha.
16. Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.
17. Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir.
18. Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.
19. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.
20. Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.
21. Go gcana mo bhéal moladh an Tiarnaagus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;go brách agus go síoraí suthain.