1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,
2. óir tá béal na n‑éagráifeach agus na bhfealltachar leathadh i m'aghaidh.
3. Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh,timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha;tugann siad fúm gan fáth.
4. I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh;ach bímse ag guí.
5. Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa,an fuath in aghaidh an ghrá.
6. Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne;agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis.
7. Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh;agus go raibh a achainí in aistear.
8. Gura tearc iad laethanta a shaoil;agus go nglaca neach eile a chúram.
9. Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.
10. Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.
11. Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;agus go mille strainséirí toradh a shaothair.
12. Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dóná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.
13. Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.
14. Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreachaagus nár scriostar peaca a mháthar amach.
15. Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor;go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh.
16. Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamhach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil,agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.
17. An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air;gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis.
18. Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach;go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisceagus isteach ina chnámha amhail ola.
19. Go raibh siad mar chulaith á chlúdach,mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.
20. Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.
21. Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm;agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.
22. Óir táimse go dearóil dealbh;agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.
23. Leáim as mar scáil fhada an tráthnónascuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.
24. Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.
25. Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach;agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.
26. Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;saor mé de réir do bhuanghrá.
27. Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa,gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.
28. Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh;go ndéantar mo naimhde a náiriúagus go ndéana do ghiolla gairdeas.
29. Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne;agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.
30. Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard;tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.
31. Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáinlena shábháil ó lucht a dhaortha.