1. Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.
2. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú méagus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
3. D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna,agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
4. Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna,shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
5. A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
6. Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;ach maireann a chineáltas ó aois go bás.Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
7. Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8. Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
9. Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,chun Dé a chuir mé m'achainí.“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
10. An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
11. Éist, a Thiarna, go trócaireach;tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
12. Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
13. i dtreo go seinnfidh m'anam do mholtaí gan staonadh.A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.