Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66
  67. 67
  68. 68
  69. 69
  70. 70
  71. 71
  72. 72
  73. 73
  74. 74
  75. 75
  76. 76
  77. 77
  78. 78
  79. 79
  80. 80
  81. 81
  82. 82
  83. 83
  84. 84
  85. 85
  86. 86
  87. 87
  88. 88
  89. 89
  90. 90
  91. 91
  92. 92
  93. 93
  94. 94
  95. 95
  96. 96
  97. 97
  98. 98
  99. 99
  100. 100
  101. 101
  102. 102
  103. 103
  104. 104
  105. 105
  106. 106
  107. 107
  108. 108
  109. 109
  110. 110
  111. 111
  112. 112
  113. 113
  114. 114
  115. 115
  116. 116
  117. 117
  118. 118
  119. 119
  120. 120
  121. 121
  122. 122
  123. 123
  124. 124
  125. 125
  126. 126
  127. 127
  128. 128
  129. 129
  130. 130
  131. 131
  132. 132
  133. 133
  134. 134
  135. 135
  136. 136
  137. 137
  138. 138
  139. 139
  140. 140
  141. 141
  142. 142
  143. 143
  144. 144
  145. 145
  146. 146
  147. 147
  148. 148
  149. 149
  150. 150

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 119 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dlí an Tiarna

Aleph

1. Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail,a shiúlann i ndlí an Tiarna.

2. Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha,á lorg ó lanchroí.

3. An mhuintir nach ndéanann urchóid;ach a shiúlann ina shlite.

4. Thug tú do phroiceapta dúinngo gcomhlíonfaí go beacht iad.

5. Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean,d'fhonn do reachtanna a choimeád.

6. Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh médo d'aitheanta uile.

7. Molfaidh mé thú le dílseacht chroíag foghlaim d'fhoraitheanta dom.

8. Déanfaidh mé de réir do reachtanna;ná tréig mé ar fad.

Beth

9. Conas a mhairfidh an t‑ógánach go glan,ach le d'aitheanta a chomhlíonadh?

10. Iarraim thú le mo chroí go hiomlán;nár imí mé ó d'aitheanta.

11. Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí;sula ndéanfainn peaca ort.

12. Is beannaithe atá tú, a Thiarna;múin do reachtanna dom.

13. Is amhlaidh a d'admhaigh mé le mo bhruasaforaitheanta uile do bhéil.

14. Gairdím i slí d'fhorálachaamhail san uile shaibhreas.

15. Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc;agus breithneoidh mé do shlite.

16. Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna;ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra.

Gimel

17. Bí go maith le do ghiolla le go mairfidh mé,agus go gcoimeádfaidh mé do bhriathra.

18. Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh méiontais uile do dhlí.

19. Táim i mo dheoraí ar talamh;ná ceil orm d'aitheanta.

20. Bíonn m'anam ag meirtniú de shíor,is é ag tnúth le d'fhoraitheanta.

21. Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigha chuaigh ar seachrán ó d'aitheanta.

22. Tóg uaim tarcaisne agus aithistoisc go nglacaim le do theagasc.

23. Cé go dtéann prionsaí i ndáil chomhairle i m'éadan,bím ag machnamh ar do reachtanna.

24. Óir is iad d'fhorálacha m'aoibhneas;is iad do reachtanna mo chomhairleoirí.

Daleth

25. Tá m'anam ar lár sa luaithreach;athbheoigh mé le do bhriathar.

26. Mhínigh mé mo shlite, agus d'éist tú liom;múin do reachtanna dom.

27. Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt,agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.

28. Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin;tabhair misneach dom le do bhriathar.

29. Coinnigh mé ó shlí na hearráide,agus tabhair dom do dhlí.

30. Rinne mé rogha de shlí na fírinne;chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.

31. Bím ag cloí de shíor le d'fhorálacha;ná clis orm, a Thiarna.

32. Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta;nuair a cheansóidh tú mo chroí.

33. Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna;agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad.

34. Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadhagus a choimeád ó chroí.

35. Treoraigh mé ar chosán d'aitheanta,óir is ann atá mo thaitneamh.

36. Claon mo chroí i leith d'fhorálacha;agus ná claon chun sainte é.

37. Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas;déan mo bheochan trí do shlíse.

38. Cuir le do ghealltanas do do ghiolla;le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.

39. Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom,óir is aoibhinn iad d'fhoraitheanta.

40. Féach, is mian liom do phroiceapta;tabhair dom an bheatha i d'fhíréantacht.

Vau

41. Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna,agus do chabhair de réir do ghealltanais.

42. Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte;toisc gur muinín liom do bhriathar.

43. Focal na fírinne ná bain as mo bhéal;cuirim mo dhóchas i d'fhoraitheanta.

44. Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor,go brách na breithe.

45. Siúlfaidh mé i slí na saoirse,mar táim ar lorg do theagaisc.

46. Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe;ní bheidh cotadh ar bith orm.

47. Is i d'aitheanta a bheidh mo thaitneamhós dóibh a thugaim grá.

48. Agus tógfaidh mé mo lámha chun d'aitheanta;déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna.

Zain

49. Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla;lenar thug tú dóchas dom.

50. Is é mo shólás le linn mo bhuartha,gurb é do bhriathar a bheoigh mé.

51. Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach:ach ní chlaonaim ó do dhlí.

52. Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna;agus tugann siad sólás dom.

53. Gabhann fearg mé de bharr na bpeacacha bhíonn ag tréigean do dhlí.

54. Bíonn do reachtanna ina n‑amhrán agam,in áit mo dheoraíochta.

55. Cuimhním ar d'ainm de shiúl oíche, a Thiarna;agus coimeádaim do dhlí.

56. Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú,gur choinnigh mé do phroiceapta.

Heth

57. Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuiddo bhriathra a choimeád.

58. Guím thú ó mo chroí go hiomlán:déan trócaire orm de réir mar gheall tú.

59. Rinne mé mo shlite a mheas,agus d'fhill mé ar d'fhorálacha.

60. Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill,chun d'aitheanta a chomhlíonadh.

61. Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;níor dhearmad mé do dhlí.

62. Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh,mar gheall ar d'fhoraitheanta córa.

63. Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla,agus a choimeádann do phroiceapta.

64. Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna;múin dom do reachtanna.

Teth

65. Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna,de réir do bhriathair.

66. Múin dom eagna agus eolas;tá mo dhóchas i d'aitheanta.

67. Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán;ach anois coimeádaim do bhriathar.

68. Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil;múin dom do reachtanna.

69. Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne;ach comhlíonaimse do phroiceapta.

70. Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige;faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.

71. Is méanar dom go raibh mé do mo chrá;ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.

72. Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilsená na mílte d'ór agus d'airgead.

Iód

73. Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé;múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.

74. Feicfidh d'aos eagla agus gairdeoidh siad,toisc gur muinín liom do bhriathar.

75. Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta;agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.

76. Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom,mar a gheall tú do do ghiolla.

77. Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé,óir is aoibhinn liom do dhlí.

78. Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábharagus mé ag machnamh ar do phroiceapta.

79. Go n‑iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú,a thugann aire do d'fhorálacha.

80. Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna,ionas nach bhfaighinn mo náiriú.

Caph

81. Bíonn m'anam ag tnúth le do shlánú;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

82. Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas;cathain a tabharfaidh tú sólás dom?

83. Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach,níor dhearmad mé do reachtanna.

84. Cá líon laethanta do ghiolla?Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí?

85. Thochail na huaibhrigh claiseanna dom,in aghaidh do dhlí.

86. Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm;déantar mo chrá gan chúis.

87. Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh,níor thréig mé d'aitheanta.

88. Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire;agus coimeádfaidh mé d'fhorálacha.

Lamed

89. Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna,chomh daingean le neamh.

90. Maireann d'fhírinne go dtí an uile ghlúin,mar an talamh a bhunaigh tú.

91. Maireann siad go buan de réir do reachtanna;fónann gach aon ní duit.

92. Murach gurb aoibhinn liom do dhlí,gheobhainn bás i m'ainnise.

93. Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta,óir is leo a thug tú beatha dom.

94. Is leat mé; déan mé a tharrtháil,toisc go lorgaim do phroiceapta.

95. Tá na peacaigh ag fanacht liom d'fhonn mo mhillte;ach tugaim d'fhorálacha do m'aire.

96. Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht;ach gur fada fairsing í d'aithne.

Mem

97. A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;is ábhar machnaimh dom de shíor é.

98. Rinne d'aithne níos críonna ná m'eascairde mé;óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.

99. Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,toisc go machnaím ar d'fhorálacha.

100. Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;óir comhlíonaim do phroiceapta.

101. Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint,d'fhonn do bhriathra a choimeád.

102. Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta;ós tú a mhúin mé.

103. Is milse do bhriathra le mo charball;ná mil le mo bhéal.

104. Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta;is gráin liom gach drochshlí.

Nun

105. Is lóchrann do mo chosa do bhriathar;is solas do mo chosán é.

106. Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m'aigne,d'fhoraitheanta a choimeád.

107. Tá mé buartha go mór, a Thiarna;beoigh mé le do bhriathar.

108. Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna;agus múin dom d'fhoraitheanta.

109. Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaíach ní dhearmadaim do dhlí.

110. Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach;ach níor thréig mé do phroiceapta.

111. Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách;cuireann siad áthas ar mo chroí.

112. Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadhgo beacht agus go brách.

Samek

113. Is fuath liom an teanga liom leat;ach is geal liom do dhlí.

114. Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

115. Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide;coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.

116. Seas liom de réir d'fhocail agus mairfidh mé;ná teipeadh ar mo dhóchas.

117. Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé;coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.

118. Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna;toisc gur bréagach a mbeartas.

119. Is salachar leat peacaigh uile na cruinne;is uime a charaim d'fhorálacha.

120. Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;agus is eagal liom do reachtanna.

Ayin

121. Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir;ná tabhair suas do lucht leatroim mé.

122. Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,sula dtreascraí na huaibhrigh mé.

123. Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,agus i bhfírinne do bhriathair.

124. Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá,agus múin dom do reachtanna.

125. Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,ionas gurab eol dom d'fhorálacha.

126. Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,óir sáraíodh do dhlí.

127. Ar an ábhar sin is ansa liom d'aitheanta,ná an t‑ór is mine.

128. Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,toisc gur fuath liom gach bréagshlí.

Pe

129. Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;is uime sin a choimeádaim iad.

130. Tugann foilsiú do bhriathair solas dom,agus teagasc do lucht aineolais.

131. Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl domagus mé ag tnúth le d'aitheanta.

132. Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua,mar a dhéanann tú do do chairde.

133. Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair;ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.

134. Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine;agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.

135. Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla;agus múin dom do reachtanna.

136. Chaoin mé uisce mo chinntoisc nár coimeádadh do dhlí.

Sade

137. Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna;agus is ceart do bhreithiúnas.

138. Chuir tú d'fhorálacha i bhfeidhm go cóiragus go daingean diongbháilte.

139. Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.

140. Tástáladh do bhriathar go dearfaagus is geal le do ghiolla é.

141. Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;ní dhearmadaim do phroiceapta.

142. Is fíréantacht shíoraí í d'fhiréantachtsa;agus is daingean é do dhlí.

143. Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;faighim m'aoibhneas i d'aitheantasa.

144. Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo;tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.

Qof

145. Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;coimeádfaidh mé do reachtanna.

146. Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;agus coinneoidh mé d'fhorálacha.

147. I moiche na maidine bím ag glaoch ort;cuirim mo dhóchas i do bhriathar.

148. Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.

149. Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá;beoigh mé de réir d'aithne.

150. Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,agus iad i bhfad ó do dhlí.

151. Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;agus is dílis iad d'aitheanta.

152. Is fadó a d'aithin mé ar d'fhorálachagur dhaingnigh tú iad go brách.

Resh

153. Féach ar m'angar agus fuascail métoisc nár dhearmad mé do dhlí.

154. Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé;déan mo bheochan le do bhriathar.

155. Is fada an slánú ó na peacaigh,toisc nach cúram leo d'fhoraitheanta.

156. Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna;beoigh mé de réir d'fhoraitheanta.

157. Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;ní chlaonaim ó do phroiceapta.

158. Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,toisc nár choimeád siad do bhriathar.

159. Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna;coinnigh beo mé le do bhuanghrá.

160. Is í an bhuaine buaic do bhriathair;maireann do reachtanna go brách.

Sin

161. Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth;ach is eagal liom do bhriathra.

162. Déanaim gairdeas de bharr do bhriathairmar dhuine a fhaigheann creach.

163. Is fuath liom an t‑éitheach agus is gráin liom é;i aoibhinn liom do dhlí.

164. Seacht n‑uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duitas ucht do cheartbhreithiúnas.

165. Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú;ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.

166. Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna;agus comhlíonaim d'aitheanta.

167. Bíonn m'anam ag coimeád do fhorálacha;tugaim grá thar cuimse dóibh.

168. Coimeádaim do phroiceapta agus d'orduithe;bíonn mo shlite uile i d'fhianaise.

Tau

169. Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna;tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.

170. Go dtaga mo ghuí i do láthair;fuascail mé de réir d'fhocail.

171. Go dtuga mo bhruasa moladh duit;nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.

172. Go gcana mo theanga do bhriathar;óir is cóir iad d'aitheanta.

173. Go raibh do lámh i m'aice chun cuidiú liom;toisc gur thogh mé do theagasc.

174. Santaím do shlánú, a Thiarna;agus is aoibhinn liom do dhlí.

175. Go maire m'anam agus go mola sé thú;agus go gcabhraí do reachtanna liom.

176. Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg;óir níor dhearmad mé riamh d'aitheanta.