1. Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne,ach do d'ainmse is dleacht an moladhas ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.
2. Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”
3. Is ar neamh atá ár nDiana;gach uile ní is áil leis, déanann sé é.
4. Ór agus airgead a n‑íolasan,agus saothar láimhe an duine.
5. Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.
6. Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada;tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.
7. Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní;tá cosa acu ach ní thig leo siúl;ní thagann aon ghlór óna scornach.
8. Is ionann cás do lucht a ndéantaagus do chách a chuireann a ndóchas iontu.
9. Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10. Tá dóchas chlann Árón sa Tiarnais é is cabhair agus is sciath dóibh.
11. Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12. Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13. Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,idir mhion agus mhór in éineacht.
14. Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,sibhse agus bhur gclann go léir.
15. Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibhón té a rinne neamh agus talamh.
16. Is leis an Tiarna amháin na flaithis;ach thug sé an talamh don duine.
17. Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna,ná an drong a ghabhann síos san uaigh.
18. Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna,anois agus go brách na breithe.