1. Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diagaa thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.
2. “Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach;agus lé agaibh le cúis na n‑éagráifeach? Selah
3. Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta;déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil.
4. Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise;sabhálaigí ó láimh na n‑éagráifeach iad.”
5. Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht;agus fothaí na talún á mbogadh.
6. Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh;clann an Té is Airde sibh uile.
7. Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine;agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”
8. Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh;óir is leat na ciníocha go léir.