1. Alleluia.Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;molaigí ainm an Tiarna!
2. Moladh le hainm an Tiarnai láthair na huaire agus choíche!
3. Ó éirí go luí na gréine,go raibh ainm an Tiarna á mholadh!
4. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
5. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?
6. Cromann sé ó na harda anuaschun féachaint ar neamh agus ar talamh.
7. Tógann sé an t‑íseal aníos as an deannach;ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,
8. á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí,ar aon chéim le prionsaí a phobail.
9. Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh;go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.