1. Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn,ár ndídean ó ghlúin go glúin.
2. Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte,sular rugadh an talamh agus an chruinne,is tú Dia gan tús gan deireadh.
3. Déanann tú deannach arís den duineá rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”
4. Óir níl míle bliain i d'fhianaiseach mar an lá a d'imigh tharainn inné,nó mar a bheadh faire na hoíche.
5. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,nó mar fhéar úrghlas na maidine.
6. Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sébaintear é agus feonn sé um thráthnóna.
7. Táimid dár gcnaí go dearfa le d'fhearg;scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.
8. Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne,ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
9. Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn;cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.
10. Seachtó bliain suim ár saolré;nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte.Saothar agus stró a sealsan;imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
11. Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge;cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?
12. Múin dúinn giorra shaoil an duinechun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
13. Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
14. Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn,go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
15. Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn;i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t‑olc.
16. Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh;agus do chlú is do chumhacht do do chlann.
17. Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainnagus go soirbhí tú saothar ár lámh;sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!