1. Alleluia.Molaigí Dia ina ionad naofa!Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta!
2. Molaigí é as ucht a éachtaí!Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!
3. Molaigí é le séideadh an stoic!Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach!
4. Molaigí é le teampán is le rince!Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb!
5. Molaigí é le clagarnach na gciombal!Molaigí é le ciombail chlingíneacha!
6. An uile dhúil bheo dá bhfuil ann,moladh sé an Tiarna! Alleluia.