1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
2. Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agatóir is ort atá tarraingt m'anama.Ar scáth do sciathán atá mo thriallnó go dtéann an anachain seo tharam.
3. Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
4. Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
5. Tá m'anam ina luí i measc leona d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
6. Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
7. Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa;rinneadar mé a ísliú.Thochail siad clais romham amach;ach thit siad féin inti.
8. Tá mo chroí go daingean, a Dhia;tá mo chroí go daingean.Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
9. Múscail, a anam liom!Músclaígí, a chláirseach is a chruit!Músclóidh mé féin an maidneachan.
10. Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna:molfaidh mé thú i measc na náisiún.
11. Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheasagus do dhílse chun na spéartha.
12. Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.