1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví.
2. Éist le mo ghlao, a Dhia;tabhair cluas do m'urnaí!
3. Glaoim ort ó chríocha na cruinnenuair a chliseann mo chroí.Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi,cuir mé in airde, a Dhia,
4. Óir is tú mo dhún is mo dhaingeanin aghaidh an namhad.
5. Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuballgo brách na breithe,chun go bhfaighe mé díon agus dídeanfaoi scáth do sciathán. Selah
6. Óir d'éist tú le mo mhóideanna, a Dhia;thug tú dom oidhreacht an dreamaarb eagal leo d'ainm.
7. Cuir fad le saol an rí;go maire sé choíche!
8. Go raibh a réim go brách na breithei bhfianaise Dé.Cuir trócaire ghrámhar agus dílseuait amach, á chaomhnú,
9. agus molfaidh mé d'ainm go brách;díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá.