1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2. Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir;saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.
3. Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamhagus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.
4. Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnisagus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.
5. Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”
6. Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”
7. Tagann siad do m'fhéachaint le caradas bréige;scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.
8. Bíonn m'aos fuatha ag cogarnach le chéile i m'éadan;bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.
9. “Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile,“an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
10. Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinínagus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!
11. Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom;déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo.
12. Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liomnuair nach ndéanfaidh m'eascairde a mbua a mhaíomh orm.
13. Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán méagus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé.
14. Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách.Moladh leis ó aois go haois. Amen. Amen.