1. Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna,agus a shiúlann ina shlite.
2. Íosfaidh tú toradh de shaothair féin;beidh tú go sona séanmhar.
3. Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil,i gceartlár do thí.Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige,mórthimpeall do bhoird.
4. Is amhlaidh a bheannófar an duinear a mbíonn eagla an Tiarna.
5. Go mbeannaí an Tiarna thú amach as Síón;gach uile lá de do shaol.
6. Go bhfeice tú clann do chlainneagus séan ar Iarúsailéim.Síocháin go raibh ar Iosrael.