1. Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
2. Tá ár gcosa ina seasamh cheana féini do dhoirse, a Iarúsailéim.
3. Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáilgo dlúth is go daingean.
4. Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,treibheanna an Tiarna,d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,agus buíochas don Tiarna.
5. Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,cathaoir do theaghlach Dháiví.
6. Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn;gura slán a dtugann taitneamh duit.
7. Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha,agus flúirse i do phálás.
8. Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte,síocháin go raibh ionat.
9. Ar son teach an Tiarna, ár nDia,iarraim do leas.