1. Is aoibhinn don fhear nach leanannde chomhairle lucht na héagráifeachta;nach seasann i slí na bpeacach,agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;
2. ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,agus a dhéanann machnamh air de lá agus d'oíche.
3. Is cosúil an duine sin le cranna plandaíodh ar bhruach na habhann,a thugann a thoradh go tráthúilagus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche.Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
4. Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!ach mar cháith a scaiptear le gaoth.
5. Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnasná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.
6. Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.