1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2. Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;nár dhéantar mo náiriú go brách.Saor mé de réir d'fhíréantachta,
3. éist liom agus brostaigh chun m'fhuascailte!Bí i do charraig choimirce dom:i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.
4. Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;seol mé agus treoraigh mé as ucht d'ainm.
5. Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
6. Do do láimhse a thiomnaím m'anam,óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.
7. A Dhia na fírinne, is fuath leatlucht adhartha íol gan éifeacht,ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.
8. Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghráóir chuir tú spéis i m'anacairagus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.
9. Níor thug tú suas do mo namhaid mé,ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
10. Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,óir tá mé i gcúngach.Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:agus m'anam is mo chroí.
11. Tá mo bheatha á snoí le brónagus mo bhlianta le hosnaíl.Táim ar díth mo nirt le buaireamh;tá mo chnámha á gcnaí.
12. Rinne ábhar aithise díomdo mo naimhde go léir.Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:is cúis uamhain mé do mo chairde.An dream a chastar sa tsráid orm,teitheann siad uaim.
13. Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,nó le soitheach a briseadh.
14. Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán,agus imeagla i mo thimpeall.Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh:beartaíonn siad mo bhás.
15. Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,deirim: “Is tú mo Dhia.”
16. Tá m'anam ag brath ort, saor méón namhaid is ó chách ar mo thóir.
17. Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;tabhair slán mé i do ghrá.
18. Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
19. go mbalbhaítear a mbéal bréagach,a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalachle teann uabhair is tarcaisne.
20. Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agatdon dream lenarb eagal tú,a thugann tú don mhuintir a thriallann orti bhfianaise na hÁdhamchlainne.
21. Folaíonn tú iad i do láthairseó chúlghearradh daoine.Coimeádann tú slán i do bhoth iadó chlampar teangacha.
22. Moladh leis an Tiarna a nocht dommóriontas a ghrái gcathair dhaingean.
23. Dúirt mé tráth agus scaoll orm:“Díbríodh as do radharc mé.”Ach d'éist tú le glór mo ghuínuair a ghlaoigh mé ort.
24. Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;caomhnaíonn sé na dílsigh.Ach díolann sé an comhar go hiomlánle lucht an díomais.
25. Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh,a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna.