Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Leabhar Ímeánuéil

Gairm Íseáia

1. An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:

2. bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.

3. Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.Tá an talamh lán dá ghlóir.”

4. Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.

5. Arsa mise:Is mairg dom, tá mé caillte,óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlanagus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

6. Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.

7. Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,tá do pheaca scriosta,tá d'urchóid clúdaithe.”

8. Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”

9. Dúirt sé liom:“Imigh agus abair leis an bpobal seo:‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.

10. Déan croí an phobail seo trom,déan a gcluasa bodhar,dall a gcuid súl,ar eagla go bhfeicfeadh a súile,go gcloisfeadh a gcluasa,go dtuigfeadh a gcroí,go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”

11. Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé:“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,na tithe gan duine daonna,an tuath tréigthe,

12. agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,

13. agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán,is é an scrios atá i ndán dóibh freisin,ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán.Síol naofa is ea an grágán sin.”