Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Céad Amhrán Ghiolla an Tiarna

1. Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.Tá mo spiorad curtha anuas agam airchun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

2. Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.

3. Ní bhriseann sé an sifín brúite,ná ní mhúchann an lasair chreathanach.Soláthraíonn sé an ceart go dílis,

4. ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos énó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh,óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.

5. Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia,an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad,a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann,a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí airagus meanma sa dream a shiúlann é:

6. Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobalagus i do sholas do na ciníocha,

7. chun súile na ndall a oscailt,chun na cimí a scaoileadh as an gcarcairagus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

8. Mise, arb é an Tiarna is ainm dom,ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eilená m'onóir leis na híola.

9. Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad.Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam;sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.

Duan Bua

10. Canaigí don Tiarna amhrán úr!Moladh leis ó cheann ceann na talún!Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann,insí na farraige agus a muintir go léir!

11. Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór,agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar!Tógadh muintir Charraig Sheala liúagus gártha ar mhullach na mbeann!

12. Tugadh siad glóir don Tiarnaagus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!

13. Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann,tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch;cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú,agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.

14. “Le fada riamh bhí mé i mo thost,d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin...Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta,tá cneadach agus saothar anála orm.

15. Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadhagus a nduilliúr ar fad a sheargadh;déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneachaagus triomóidh mé a linnte go léir.

16. Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach móragus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh.Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompuagus cosáin chama ina siúlóid réidh.Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé,ní bheidh dul siar orthu.”

17. Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu,iad siúd a bhfuil a muinín in íola,iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo:“Sibhse ár ndéithe.”

Daille an Phobail

18. Sibhse atá bodhar, éistigí anois!A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!

19. Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é,nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim?Cé atá chomh dall le fear muiníne Dénó chomh bodhar le giolla an Tiarna?

20. Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann,bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!

21. Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta,a reacht a mhóradh agus a onórú.

22. Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh,tá siad go léir sáinnithe i bprochógaagus faoi bhraighdeanas i bpríosúin.Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh,á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

23. An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht?Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?

24. Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóiragus Iosrael do lucht a scriosta?Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidhagus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint,ná éisteacht lena reacht.

25. Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg airagus fíoch an chogaidh.Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó,loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.