Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 55 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Bia na mBochtán

1. Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,agus fíon agus bainne gan íoc.

2. Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibhagus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

3. Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach.Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.

An Conradh

4. Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.

5. Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duitagus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.Toisc an Tiarna, do Dhia,agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.

An Tiarna Tréan i nGar

6. Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;glaoigí air, fad atá sé i ngar.

7. Fágadh an coirpeach a dhrochnósagus fear na hurchóide a bhearta.Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

8. Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.

9. Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

Éifeacht Bhriathar an Tiarna

10. Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,

11. is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.

Deireadh an Leabhair

12. Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháiragus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte.Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibhagus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.

13. In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás,agus in áit na neantóg an miortal.Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna,beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!