Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Treas Cuid

Glacann an Tiarna le hEachtrannaigh a Iompaíonn

1. Is amhlaidh a deir an Tiarna: Coinnígí an ceart, cleachtaigí an fhíréantacht, óir tá m'fhuascailt ar tí teacht agus m'fhíréantacht ar tí a foilsithe.

2. Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh.

3. Ná habradh mac an eachtrannaigh a chuaigh leis an Tiarna: “Cinnte, coinneoidh an Tiarna amach as a phobal mé.” Ná habradh an coillteán: “Níl ionamsa ach crann seasc.”

4. Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh,

5. tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.

6. Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,

7. déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.

8. Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.

Taoisigh gan Rath

9. A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí;a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.

10. Ár lucht faire, tá siad ar fad dall,ní léir dóibh dada!Madaí balbha iad go léir,nach féidir leo tafann.Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu,a ndúil sa chodladh.

11. Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh,tréadaithe nach dtuigeann dada.Téann siad go léir a mbealach féin,gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.

12. “Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona;líonfaimid sinn féin le biotáille,agus beidh an lá amárach mar an lá inniu,lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”