Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 63 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Díoltas Dé

1. Cé hé seo chugainn as Eadóm,as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh?É i mborr agus i mbláth faoina chulaith,ag céimniú i mbarr a nirt.- Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta,mise atá in acmhainn slánaithe!

2. - Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort,ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona?

3. - Phasáil mé an chantaoir i m'aonar;duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom.Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm,agus shiúil mé orthu i gcuthach dom;steall súlach a gcroí ar mo chulaithagus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.

4. Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.

5. Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.

6. Bhasc mé na ciníocha le cuthach,shatail mé orthu le teann feirge,agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.

Salm

7. Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,gach a ndearna an Tiarna ar ár sonagus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,gach ar bhronn sé orthu le barr dáimheagus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.

8. Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu

9. ina dtrioblóidí go léir.Ní teachtaire ná aingealach é féin a scaoil saor iad.Le teann grá agus truad'fhuascail sé féin iad;thóg sé suas agus d'iompair iadsna laethanta sin uile anallód.

10. Ach d'éirigh siad amach ina choinneagus chuir brón ar a spiorad naofa.Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibhagus chuir sé cogadh orthu é féin.

11. Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhíagus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse:Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muiriad féin agus tréadaí a thréada?Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;

12. a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidhag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois;a scoilt na huiscí ó chéile rompuchun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;

13. a stiúraigh iad tríd an duibheagánchomh réidh le capall ar an machaire fiáin,

14. gan tuisliú ach oiread le heallachag druidim síos bun gleanna,agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintirchun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.

15. Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,do theasghrá agus do thrócaire chugainn?Ná seas i leataobh uainn

16. óir is tusa ár n‑athair,cé nach n‑aithníonn Abrahám sinnagus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó.Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.

17. Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,ar son treibheanna d'oidhreachta.

18. Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir,cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?

19. Is fada nach beo dúinn faoi do réir,ionann agus nárbh é d'ainmse atá orainn.