Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 64 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,

2. mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna,mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh;ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainmagus ciníocha ar crith roimh do theacht.

3. Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo,agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.

4. Cluas níor chuala ná súil ní fhacadia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.

5. Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceartagus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.

6. Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlanagus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha.Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga,dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.

7. Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm,ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat,óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn,agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.

8. Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair.Sinne an chré, tusa an potaire,agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.

9. Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna,ná meabhraigh an urchóid de shíor!Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir.

10. Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh,tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.

11. Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn,mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh,tá sé dóite go talamh le tine,agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.

12. Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin,chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse?