Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An tSíocháin Bhuan

1. Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.

2. Titfidh sé amach san am atá le teachtgo mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna airos cionn na sléibhte,agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;

3. is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarnago teach Dhia Iacóib,chun go múine sé dúinn a shliteagus go siúlaimis a bhealaí.”Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.

4. Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadhná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

5. A theaghlach Iacóib, tagaigí,agus siúlaimis i solas an Tiarna!

Fiosrú an Tiarna

6. Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal,do mhuintir Iacóib;tá an tír lán le lucht feasa,agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach;agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.

7. Tá a ndúiche lán airgid agus óiragus níl deireadh go deo lena dtaiscí;tá a ndúiche lán de chapaillagus níl deireadh lena gcarbaid;

8. tá a dtír lán de dhéithe bréige...Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.

9. Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;ná maith dóibh é.

10. Imigh leat i measc na n‑ailteanna,gabh i bhfolach sa láib,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

11. Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;ísleofar díomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

12. Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,

13. i gcoinne chéadras na Liobáine go léiragus chrann darach Bháiseán go léir,

14. i gcoinne na sléibhte buacacha ar fadagus na gcnocán ard ar fad,

15. i gcoinne na dtúr ard uileagus na mbábhún crioslaithe uile

16. i gcoinne loingeas Thairsís go léiragus a n‑earraí luachmhara go léir...

17. Ísleofar an t‑uabhar daonna,tabharfar béim síos do dhíomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,

18. agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

19. Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,isteach i bpluaiseanna an talaimh,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

20. An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,

21. nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraigagus i scoilteanna na n‑ailteannaar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

22. Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh,nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí.Cén luach a chuirfí síos dó?