Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Muintir Mhóáb ar Lorg Dídine

1. Cuirigí uain mar bhronntanaschuig rialtóir na tíre,ón gCarraig ar thaobh na díthreibhego sliabh iníon Shíón.

2. Ag cleitearnach anonn is anallmar a bheadh nead scolamán tréigthe,is amhlaidh atá iníonacha Mhóábcois áthanna an Arnón.

3. “Tabhair comhairle dúinn,tabhair breith ar ár gcas.Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche anni lár an lae ghil.Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach,ná déan brath ar an teifeach.

4. Lig dóibh cur fúthu i do theach,muintir scaipthe sin Mhóáb;bí i do thearmainn acui gcoinne an chreachadóra.Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht,críoch leis an gcreachadóireacht,agus lucht chosarbolg imithe as an tír,

5. is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas,agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht,i mboth Dháiví,breitheamh ar mór leis an ceartagus ar luath chuige cíocras na córach.”

Mairgneach i dtaobh Mhóáb

6. Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb,uabhar as miosúr,uaillmhian agus borr agus bród,mórtas tóin gan taca.

7. Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb.Tá siad go léir ag caoineadh le chéile,i ndiaidh cístí rísín Chír Harasaittá siad ag mairgneach go cráite.

8. Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smolaagus fíniúin Shibmeá,a mbeireadh a gcrobhaingí buaar thiarnaí na náisiún.Shroiseadh siad fhad le Iazaer,bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach;bhí a gcraobhacha ag leathadh amachthar farraige anonn.

9. Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer,i ndiaidh fíniúin Shibmeá;silfidh mé mo dheora oraibh go frasa Heisbeon agus a Eileálae.Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíonachualathas gáir chatha;

10. tá an t‑áthas agus an lúcháirimithe as gort agus garraí.Sna fíonghoirt níl ceolná liú áthais le cloisint;níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí,tá an húrla-hárla ina thost.

11. Dá bharr sin, ar son Mhóábtá mo chliabh mar chláirseach ar crith,agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.

12. Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill,á thraochadh féin ag scrínte na n‑ardán;a dhul isteach ina shanctóir a ghuí,níl gar ann dó.

Fáistine i dtaobh Mhóáb

13. Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó.

14. Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”