Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chéad Chuid -- Fáistiní ó roimh an gCogadh -- leis an tSuír agus le hEafráim

1. Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.

In Aghaidh an Phobail Dhobhránta

2. Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh,óir tá an Tiarna ag labhairt:“Thóg mé agus d'oil mé clann mhac,ach d'éirigh siad amach i mo choinne.

3. Tá aithne ag an mart ar a úinéir,agus ag an asal ar chliabhán a mháistir,ach ní aithníonn Iosrael aon ní,ní thuigeann mo phobal dada.”

Pionós Iúdá

4. Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta,a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe!Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael,d'iompaigh siad uaidh i leith.

5. Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís,agus an feall ar siúl agaibh fós?Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;

6. ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann:créachtaí, fearbacha, cneánna oscailtenach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu,ná cógais ola.

7. Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.

8. Ta iníon Shíón fágthamar bheadh bothán faire i bhfíonghort,mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,mar bheadh cathair faoi léigear.

9. Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir,ba chuma sinn nó Sodom,ba le Gomorá ár samhail.

In Aghaidh na Fimíneachta

10. Éistigí le briathar an Tiarna,a thaoisigh Shodom;tugaigí cluas do reacht ár nDé,a phobal Ghomorá!

11. “Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?”a deir an Tiarna.“Tá mé dóthanach de reithí loisctheagus de shaill na ngamhna,níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.

12. Nuair a thagann sibh i mo láthair,cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?

13. Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam;cuireann an toit atá uathu déistin orm.Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil...ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.

14. Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí,is gráin liom iad i m'anam istigh.Is ualach orm iadagus tá mé tuirseach á n‑iompar.

15. Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,iompaím mo shúile uaibh.A liacht paidreacha a deir sibh,níl mise ag éisteacht.Tá bhur lámha lán fola.

16. Nígí, glanaigí sibh féin.Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.Éirigí as an olc a dhéanamh!

17. Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh,lorgaigí an rud cóir,cuirigí in éadan ansmachta,tugaigí a cheart don dílleachta,agraigí cúis na baintrí.

18. Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal,a deir an Tiarna.Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig,déanfar níos gile iad ná sneachta;má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra,amhail olann a dhéanfar iad.

19. Má thoilíonn sibh a bheith umhal,íosfaidh sibh de thoradh na talún;

20. ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc,is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.”Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.

Mairgneach ar Iarúsailéim

21. Conas a rinne striapach di,an chathair dhílis?Síón, a bhí lán de dhílseacht,mar a raibh an ceart ina chónaí,níl intí anois ach lucht dúnmharfa.

22. Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal,tá uisce trí do chuid fíona.

23. Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce,le gadaithe atá a gcaidreamh.Tá gach aon duine cíocrach chun brabúisagus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe.Ní thugann siad a cheart don dílleachta,ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

24. Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua,Neach Láidir Iosrael:“Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic,bainfidh mé sásamh as mo naimhde.

25. Iompóidh mé mo lámh i do choinne,glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis,agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.

26. Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana,do chomhairleoirí mar bhí siad anallód.As sin amach, glaofar cathair na córach ort,an chathair fhíréanta.”

27. Déanfar Síón a athcheannach le hionracas,agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.

28. Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iadagus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.

I gCoinne na gCrann Sacrálta

29. Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribintea bhfuil bhur sólás iontu,agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdínía chuireann cluain oraibh.

30. Óir beidh sibh cosúil le teiribinta bhfuil a duilliúr feoiteagus le gairdínnach bhfuil uisce leis níos mó.

31. Déanfar barrach den duine teannagus lasóg dá shaothar.Loiscfear iad i dteannta a chéileagus ní bheidh duine ann lena múchadh.