Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Teacht an Rí Chóir

1. Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,agus gas ag teacht óna fhréamh;

2. tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,spiorad na heagna agus na tuisceana,spiorad na comhairle agus na cumhachta,spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)

3. Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.

4. Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbhaagus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine,agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.

5. Is í an chóir bréid cheangail a choime,agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

6. Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineachtagus gasúr óg á mbuachailleacht.

7. Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.

8. Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.

9. Díth ná dochar ní dhéantar níos móar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiamamar a líonann an fharraige leis an lán mara.

Filleadh na nDeoraithe

10. Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieiseina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinínagus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.

11. Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nuachun fuílleach a phobail a athghabháil,a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte,ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám,ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

12. Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún,agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile;cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.

13. Beidh deireadh ansin le héad Eafráim,agus brúfar naimhde Iúdá síos;ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta,ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.

14. Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach,i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir;beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannasagus clann Amón ag géilleadh dóibh.

15. Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte,agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann;le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í,agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,

16. sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail,ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre,díreach mar bhí faoi choinne Iosraelnuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.