Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Beannacht ar Iosrael

1. Éist anois, a Iacóib,a ghiolla liom,

2. a Iosrael, atá tofa agam.Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú,a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat:Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib,a Isiriún atá tofa agam.

3. Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach,uisce ina thuilte ar an talamh spalptha.Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór,mo bheannacht ar shliocht do shleachta.

4. Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce,mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán.

5. Déarfaidh an duine seo: ‘Is leis an Tiarna mé’,tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin.Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ‘An Tiarna’,agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.”

Creideamh in aon Dia amháin

6. Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael,agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua:“Is mise an tús agus an deireadh;ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.

7. Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé;taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair!Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht?Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!

8. Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh:Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó?Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam,an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin?Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”

Aoir ar Lucht na nÍol

9. Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.

10. Cé a dhealbhaíonn dia nó a mhúnlaíonn íomhá gan bheith ag dréim le sochar uaidh?

11. Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.

12. Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air.

13. Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall.

14. Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b'fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é.

15. Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.

16. Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: “Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.”

17. Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”

18. Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.

19. Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”

20. An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”

Fáistine

21. A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo,cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael.Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom;a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.

22. Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néalagus do chionta ar nós scamaill.Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.

Amhrán Áthais

23. A spéartha, liúirígí le háthas,mar tá an Tiarna i mbun gnímh.Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún!A shléibhte, ceolaigí le háthas,agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat!Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saoragus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!

Neart an Tiarna

24. Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir,an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith:Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud,a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin.Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?

25. Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rathagus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill,a sheolann na saoithe ar a gcúil uaimagus a dhéanann seafóid dá stuaim,

26. a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta,a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích.Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!”agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!”agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.

27. Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim!triomóidh mé do chuid sruthanna.”

28. Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é!déanfaidh sé mar is rún liom,”ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.”Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”