Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 58 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Troscadh

1. Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é,ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh.Taispeáin do mo phobal a gcoireannaagus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.

2. Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí,ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite,amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta,in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé.Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa;is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:

3. “Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é,ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?”Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh,bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n‑oibrithe go léir.

4. Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troidagus ag bualadh dorn ar a chéile le binb.Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéida gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór.

5. An é sin an troscadh is rogha liom,lá cránais den chineál seo i láthair?Duine ag cromadh a chinn mar a bheadh giolcach ann,agus é sínte ar éadach róin agus ar luaithreach,an air seo a thabharfá troscadh,agus lá taitneamhach i láthair an Tiarna?

6. An troscadh is áil liom, nach é seo é?dar briathar an Tiarna Dia:Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,an ceangal a bhaint den chuing;an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,an uile chuing a bhriseadh;

7. do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,éadach a chur ar an té a fheiceann tú nochtagus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.

8. Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachanagus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí.Rachaidh d'fhíréantacht romhat amachagus glóir an Tiarna i do dhiaidh.

9. Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort;nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.”Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí,bagairt na méire agus an chaint urchóideach,

10. má thugann tú do chuid aráin don ocrachagus a sháith don duine dearóil,éireoidh do sholas sa dorchadasagus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.

11. Beidh an Tiarna do do threorú de shíoragus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine.Cuirfidh sé smior i do chnámhaagus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce,ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

12. Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársaagus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire.Tabharfar ort fear líonta na bearna,fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.

I dtaobh na Sabóide

13. Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi choisagus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe;má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid,agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna;má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air,ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;

14. is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna;cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre.Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair,óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.