Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Fáistine in Éadan Chúis

1. Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach,ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,

2. tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige,ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí.Imígí libh, a theachtairí meara,chun cine na scafairí griandaite,chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall,cine cumhachtach caithréimeach,sa tír a shileann na haibhneacha.

3. A mhuintir an domhain uile,a áitreabhacha na talún go léir,breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde;éistigí, tá an stoc á shéideadh.

4. Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom:“Ón áit a bhfuil mo chónaí,tá mé ag breathnú uaim go socair,le linn loinnir agus ruithne teasa,le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

5. Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart,nuair a aibíonn an bláth chun caor,gearrtar na péacáin leis an gcorrán,déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.

6. Fágfar ansin iad go léirle haghaidh éin chreiche na sléibhteagus ainmhithe allta na talún.Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh,agus na hainmhithe allta an geimhreadh.

7. Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.