Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Dara Cuid -- Leabhar Shólás Iosrael

Gairm an Fháidh

1. “Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”a deir bhur nDia.

2. “Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí digo bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,go bhfuil a peaca maite,go bhfuair sí ó láimh an Tiarnapionós faoi dhó ina cionta go léir.”

3. Tá glór ag fógairt:“Réitigí cosán san fhásachle haghaidh an Tiarna.Déanaigí díreach thar an machairebealach mór dár nDia.

4. Líontar isteach gach gleann,agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;déantar achréidh de na hailteannaagus míntír den gharbhchríoch.

5. Ansin foilseofar glóir an Tiarnaagus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”

6. Deir glór: “Glaoigh!”agus deirimse ar ais: “Cad a ghlaofaidh mé?”- “Tá an uile fheoil mar an féaragus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.

7. Feonn an féar, tréigeann an bláth,nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu.(Is ea, is é an pobal an féar.)

8. Feonn an féar, tréigeann an bláth,ach seasann briathar ár nDé go deo.”

Foilsiú Dé á Fhógairt

9. Suas leat ar shliabh ard,a challaire an dea-scéala chuig Síón.Ardaigh do ghlór go láidir,a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.Ardaigh do ghlór gan eagla,abair le bailte Iúdá:“Seo é bhur nDia.”

10. Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,agus a lámh ag smachtú roimhe!Tá a luach saothair leis ina sheilbh,agus a éadáil ag dul roimhe amach.

11. Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn,á n‑iompar ar chlár a uchtaagus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.

Mórgacht Dé

12. Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraigeagus a leag amach na spéartha lena réise?a chruinnigh cré na talún i miosúr,a rinne na sléibhte a mheá sna scálaíagus na cnocáin in ainsiléad?

13. Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarnanó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?

14. Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,chun eolas a chur ar bhealach na córach,chun slí na tuisceana a aimsiú?

15. Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.

16. Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.

17. Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.

18. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?

19. Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.

20. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

21. An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?

22. Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.

23. Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.

24. Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.

25. “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.

26. Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na réanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

Uilechumhacht Dé

27. Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib,agus a maíonn tú, a Iosrael:“Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarnaagus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?

28. An ea nach bhfuil fhios agat?An ea nach eol duit é?Dia síoraí is ea an Tiarna,is é a chruthaigh críocha na talún.Ní thagann tuirse air ná traochadhagus níl léamh ar a eagna.

29. Tugann sé neart don té atá tuirseach,cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.

30. Fiú an t‑aos óg, bíonn siad tuirseash traochta,agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.

31. Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu,éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair.Ritheann siad gan a bheith cortha,siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.