Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Duan Bua

1. An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá:“Tá baile daingean againn;leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.

2. Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta,an té a sheasann lena ghealltanas,

3. atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,óir is asatsa atá a mhuinín.

4. Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;

5. d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,muintir an dúnfoirt daingin,leagann sé iad, leagann iad ar lár,caitheann sé síos iad sa láib;

6. cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

Salm

7. Is díreach bealach an fhíréin,réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

8. Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnastá muid ag fanacht ort, a Thiarna,is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

9. Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche,agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

10. Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,ní fhoghlaimíonn sé ionracas,i dtír na córa, déanann sé urchóid;ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

11. A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;ní fheiceann siad í.Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

12. A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.

13. A Thiarna, a Dhia linn,bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainnach ní aithnímid ach tusa feasta,ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

14. Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís.Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó,mar tá siad smachtaithe scriosta agatagus tá a gcuimhne curtha ar ceal.

15. Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é;tabhair glóir don phobal,cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!

16. A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg;anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.

17. Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne,is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;

18. ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú;ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol,níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.

19. Beidh saol ag do chuid marbhánach arís,éireoidh a gcoirp as an nua;músclaígí, déanaigí gairdeas,sibhse uile atá sínte sa láib;óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa,agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

Freagra an Tiarna

20. Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraíagus dún na doirse i do dhiaidh.Gabh i bhfolach seal nóiméidgo dtí go dté an fhearg thart.

21. Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amachchun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir.Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag,agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.