Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 62 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Aiséirí Iarúsailéim Arís

1. Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachanagus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.

2. Is ann a fheicfidh na ciníocha d'fhíréantachtagus na ríthe uile do ghlóir;agus tabharfar ainm nua ort,ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.

3. Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.

4. Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta,ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche.Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin”agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche.Óir lig an Tiarna a rún leatagus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.

5. Díreach mar a phósann ógfhear cailín,is é an Saor féin a phósfaidh thusa;agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta,beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.

6. Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agamnach dual tost dóibh de lá ná d'oíche;Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,

7. níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósannó go gcuire sé Iarúsailéim ar bunina duan molta dó go deo ar talamh.

8. Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairtdar a dheasláimh agus dar neart a ghualann:“Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneachtmar bhia do do naimhde.Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíonaar chaith tú do shaothar leis.

9. Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú,íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna.Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíonaa bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.”

Clabhsúr ar na trí Chaibidil seo

10. Amach libh, amach trí na geataí!Réitigí bealach do mo mhuintir!Tógaigí tóchar, tógaigí suas é;glanaigí na carraigeacha ar shiúl!Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!

11. Seo é fógra an Tiarnago críocha na cruinne féin:“Abraigí le hiníon Shíón:Seo chugat d'fhuascailteoir.Tá a luach saothair leis ina sheilbhagus a chúiteamh á iompar roimhe amach.

12. Gairfear dóibh Pobal Naofa,Cion Fuascailte an Tiarna,agus duit féin a mbíonn síorthriall ortCathair nach dtréigtear.”