Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,chonaic siad solas mór;agus ar mhuintir na tíre gruamatá solas ag lonrú.

2. Chuir tú go mór lena n‑áthas,mheadaigh tú ar a lúcháir;tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.

3. Óir an chuing a bhí anuas orthu,an choirb ar a nguaillí,agus slat an aintiarna,déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.

4. Óir gach coisbheart catha,agus gach fallaing a tumadh san fhuil,tá siad loiscthe,tá siad dóite le tine.

5. Óir rugadh leanbh dúinn,tugadh mac dúinn;tá an tiarnas ar a ghualainn,agus is é ainm atá air:“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.

6. Níl teorainn lena thiarnasná críoch lena shíocháinar chathaoir ríoga Dháivíagus ar a ríogacht,ag cur bun agus taca leo,sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.- Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Díoltas an Tiarna

7. Caitheann an Tiarna focal le Iacóbagus titeann sé ar Iosrael.

8. Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire,aithníonn siad é.Dúirt siad ina ndíomasagus i sotal a gcroí:

9. “Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha;tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.”

10. Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo,tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

11. Arám thoir agus na Filistínigh thiar,alpann siad Iosrael go cíocrach.Ach níl a fhearg síothlaithe;tá a lámh sínte amach i gcónaí.

12. Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh,níor lorg sé Tiarna na Slua;

13. mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael,pailm agus giolcach in aon lá amháin.,

14. (Seanóir agus móruasal - sin é an ceann;fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t‑eireaball.)

15. Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae,agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.

16. Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh,ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha.Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad,tá a gcaint seafóideach.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.

17. Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann;alpann sé driseacha agus sceacha,ansin cuireann sé tine le mothair na foraoiseagus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.

18. Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine,agus is cuma nó breosla an pobal.Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair,

19. Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós;slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe,gach aon ag alpadh feoil a chomharsan.

20. Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise,agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá.Ach níl a fhearg síothlaithe,tá a lámh sínte amach i gcónaí.